• 20240927_IRISH_rialachain_nua_maidir_leis_an_mbulai_ollmhor_sinithe

  • Sep 27 2024
  • Length: 12 mins
  • Podcast

20240927_IRISH_rialachain_nua_maidir_leis_an_mbulai_ollmhor_sinithe

  • Summary

  • jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2clvtdmk Contact: irishlingos@gmail.com New regulations regarding the signature giant bully. Rialacháin nua maidir leis an mbulaí ollmhór sínithe. Rural and Community Development Minister Heather Humphreys has signed new regulations that will ban XL bully (or giant bully) dogs in this State. Tá an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail Heather Humphreys tar éis rialacháin nua a shíniú a chuirfeas cosc ar mhadraí den phór bulaí XL (nó bulaí ollmhór) sa Stát seo. It will be a two stage process. Próiseas dhá chéim a bheas ann. From next Tuesday, October 1, it will not be allowed to import, breed, sell or give to another person a giant bull. Ón Máirt seo chugainn, 1 Deireadh Fómhair, ní bheidh cead bulaí ollmhór a iompórtáil, a phórú, a dhíol ná a thabhairt do dhuine eile. From 1 February 2025, a person without an exemption certificate would not be allowed to have a giant bully. Ón 1 Feabhra 2025, ní bheadh cead bulaí ollmhór a bheith ag duine gan teastas díolúine. If these regulations are not met, the dogs can be captured and killed. Mura gcomhlíonfar na rialacháin sin, is féidir na madraí a ghabháil agus a bhású. Local authorities are responsible for issuing exemption certificates but dogs must first be licensed and clipped and microchipped. Is iad na húdáráis áitiúla a bheas freagrach as teastais díolúine a lamháil ach ní mór do mhadraí a bheith ceadúnaithe agus gearrtha agus micrishlis a bheith iontu i dtosach. The XL bully is already completely banned in the North and Britain and Minister Humphreys believes that this State should join them. Tá cosc iomlán ar an mbulaí XL cheana féin sa Tuaisceart agus sa Bhreatain agus creideann an tAire Humphreys gur cheart don Stát seo a bheith ar aon bhuille leo. The safety of the public is her biggest concern, she said, especially in light of the recent attacks by massive bullies on people in this country. Sábháilteacht an phobail is mó is cás léi, a dúirt sí, go háirithe i bhfianaise ionsaithe a rinne bulaithe ollmhóra ar dhaoine sa tír seo le gairid. A 23-year-old woman, Nicole Morey, died after being attacked by a massive bully at her home in Fedamare in Co Limerick at the beginning of the summer. Bhásaigh bean 23 bliain d'aois, Nicole Morey, tar éis do bhulaí ollmhór í a ionsaí ina teach cónaithe i bhFeadamair i gCo Luimnigh i dtús an tsamhraidh. Eleven days ago, a man was injured when one of those dogs grabbed him in north Dublin. Aon lá dhéag ó shin, gortaíodh fear nuair a rug ceann de na madraí sin air i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath. Last month, a one-year-old girl was seriously injured when she was attacked by a huge bully in Co Kerry. An mhí seo caite, gortaíodh go dona cailín beag bliain d'aois nuair a thug bulaí ollmhór fogha fúithi i gCo Chiarraí. In November 2022, a young boy, Alejandro Mizsan, was seriously injured when he was attacked by a huge bully while playing with his friends in a park in Enniscorthy in Co Wexford. I mí na Samhna 2022, bhain drochghortuithe do bhuachaill óg, Alejandro Mizsan, nuair a d'ionsaigh bulaí ollmhór é agus é ag súgradh lena chairde i bpáirc in Inis Córthaidh i gCo Loch Garman. The new law, however, is a bitter drink for people with massive bullies and for animal welfare organizations. Is searbh an deoch í an dlí nua, áfach, do dhaoine a bhfuil bulaithe ollmhóra acu agus d'eagraíochtaí cúraim ainmhithe leis. Yesterday, a group of them marched as far as Dáil Éireann demanding that the new regulations be amended. Inné, mháirseáil grúpa díobh chomh fada le Dáil Éireann agus iad ag éileamh na rialacháin nua a leasú. Supporting them are Chris Andrews from Sinn Féin and Neasa Hourigan from the Green Party. Ag tacú leo tá Chris Andrews ó Shinn Féin agus Neasa Hourigan ón gComhaontas Glas. RTÉ News and Current Affairs A two-stage ban on the XL bully (or huge bully) in this State
    Show More Show Less
activate_Holiday_promo_in_buybox_DT_T2
activate_samplebutton_t1

What listeners say about 20240927_IRISH_rialachain_nua_maidir_leis_an_mbulai_ollmhor_sinithe

Average customer ratings

Reviews - Please select the tabs below to change the source of reviews.