jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/yru63653 Contact: irishlingos@gmail.com Long prison terms handed down to drug smugglers. Téarmaí fada príosúin gearrtha ar smuigléirí drugaí. In the Special Criminal Court, eight men were sentenced to prison terms ranging from 13.5 years to 20 years for their involvement in an attempt to smuggle 2.2 million tonnes of cocaine – worth €157 million – into this country. Sa Chúirt Choiriúil Speisialta, gearradh téarmaí príosúin idir 13.5 bliain agus 20 bliain ar ochtar fear as an mbaint a bhí acu le hiarracht ar 2.2 milliún tonna de chócaon – luach €157 milliún – a thabhairt isteach sa tír seo. It was the largest quantity of drugs by weight ever found in the State. Ba é an lear drugaí ba mhó de réir meáchain a fuarthas riamh sa Stát é. The drugs were found on the cargo ship MV Matthew after Army patrols boarded and seized the vessel in the Celtic Sea in September 2023. Fuarthas na drugaí ar lastlong an MV Matthew tar éis d'fhianóglaigh ón Arm an soitheach a bhordáil agus seilbh a ghabháil uirthi sa Mhuir Cheilteach i mí Mheán Fómhair 2023. Gardaí, members of the Naval Service and customs officers also participated in the operation. Bhí Gardaí, comhaltaí den tSeirbhís Chabhlaigh agus oifigigh chustaim rannpháirteach sa bheart freisin. It is believed that six of the eight men were hired by a transnational crime gang in Dubai and then went to South America for the drugs. Creidtear gur fhostaigh drong coireachta trasnáisiúnta seisear den ochtar fear in Dubai agus go ndeachaigh siad ina dhiaidh sin go Meirceá Theas faoi choinne na ndrugaí. The other two men bought a boat in Castletownbere in west Cork with the hope of taking possession of the drugs from the cargo ship. Cheannaigh an bheirt fhear eile bád i mBaile Chaisleáin Bhéarra in iarthar Chorcaí le súil na drugaí a thógáil ar láimh ón lastlong. The situation was resolved, however, as the Naval Service, in conjunction with the Gardaí, had been monitoring the MV Matthew since it approached Ireland and suspected it was carrying drugs. Cuireadh an gúm ó mhaith, áfach, ó bhí an tSeirbhís Chabhlaigh i gcomhar leis na Gardaí ag coinneáil súil ar an MV Matthew ó tháinig sí i ngar d'Éirinn agus iad in amhras go raibh sí ag iompar drugaí. The eight sentenced in court today are: Soheil Jelveh, 51 years old, 17.5 years in prison Cumali Ozgen, 49 years old, 20 years in prison Mykhailo Gavryk, 32 years old, 14 years in prison Harold Estoesta, 31 years old, 18 years in prison Vitaliy Vlasoi, 32 years old, 16.5 years in prison Saeid Hassani, 39 years old, 15 years in prison Jamie Harbron, 31 years old, 13.5 years in prison Vitaliy Lapa, 62 years old 14.5 years in prison. Is an t-ochtar a daoradh sa chúirt inniu: Soheil Jelveh, 51 bliain d'aois, 17.5 bliain príosúin Cumali Ozgen, 49 bliain d'aois, 20 bliain príosúin Mykhailo Gavryk, 32 bliain d'aois, 14 bliain príosúin Harold Estoesta, 31 bliain d'aois, 18 bliain príosúin Vitaliy Vlasoi, 32 bliain d'aois, 16.5 bliain príosúin Saeid Hassani, 39 bliain d'aois, 15 bliain príosúin Jamie Harbron, 31 bliain d'aois, 13.5 bliain príosúin Vitaliy Lapa, 62 bliain d'aois 14.5 bliain príosúin. The court praised the "professionalism and ability" of the State security agencies involved in the drug seizure. Mhol an chúirt "proifisiúntacht agus cumas" ghníomhaireachtaí slándála an Stáit a bhí bainteach leis an ngabháil drugaí. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ
Show More
Show Less